Sharing information on Child Safeguarding with Parents
Sharing information on Child Safeguarding with Parents
Nósanna imeachta maidir le do threoirphrionsabail agus do nósanna imeachta cosanta leanaí a roinnt agus maidir le páirt a thabhairt do thuismitheoirí, caomhnóirí, teaghlaigh, leanaí agus daoine óga
‘Tús Áite do Leanaí: Luaitear sa Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí go bhfuil an fhreagracht ar gach aon duine chun leanaí agus daoine óga a chosaint, agus go gcaithfimid go léir ár ndícheall a dhéanamh chun iad a choinneáil sábháilte. Baineann tábhacht leis gur féidir le teaghlaigh, pobail agus gairmithe a aithint nuair a dhéantar díobháil do leanbh nó duine óg, agus go mbíonn a fhios acu faoin mbeart atá le déanamh mar fhreagra.
Is éard atá i gceist le comhpháirtíocht le tuismitheoirí/caomhnóirí agus teaghlaigh ná comhroinnt fhaisnéise agus comhairliúchán maidir le gach gné de rannpháirtíocht a linbh i do sheirbhís. Tá gá le cumarsáid bhríoch chun comhpháirtíocht a thógáil le tuismitheoirí / caomhnóirí agus teaghlaigh.
Braitheann dea-chumarsáid ní amháin ar an gcaoi a roinntear faisnéis ach ar an méid atá á roinnt. Is féidir le heagraíochtaí tacú le cearta leanaí agus daoine óga trína chinntiú go gcoinnítear leanaí agus a dtuismitheoirí / gcaomhnóirí ar an eolas faoi ábhair a bhaineann leo.
Ba chóir tuismitheoirí / caomhnóirí a chur ar an eolas faoi do threoirphrionsabail agus do nósanna imeachta cosanta leanaí maidir le teagmháil tosaigh le do sheirbhís. Ba cheart duit smaoineamh ar do dhearbhú prionsabal treorach a áireamh sa litríocht a bhaineann le do sheirbhís agus leis na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn tú do theaghlaigh (m.sh. lámhleabhar do thuismitheoirí / chaomhnóirí ).
Agus tú i mbun cumarsáide le tuismitheoirí/caomhnóirí, teaghlaigh, leanaí agus daoine óga ba chóir duit a bheith aireach ar shaincheisteanna litearthachta, bacainní teanga agus difríochtaí cumarsáide.
Tús Áite do Leanaí: Luaitear sa Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí go bhfuil an fhreagracht ar gach aon duine chun leanaí agus daoine óga a chosaint, agus go gcaithfimid go léir ár ndícheall a dhéanamh chun iad a choinneáil sábháilte. Baineann tábhacht leis gur féidir le teaghlaigh, pobail agus gairmithe a aithint nuair a dhéantar díobháil do leanbh nó duine óg, agus go mbíonn a fhios acu faoin mbeart atá le déanamh mar fhreagra.
Gníomhartha atá mar fhianaise de dhea-chleachtas agus a chuireann é chun cinn i Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim:
Gníomh | Fianaise |
Tá rochtain ag gach tuismitheoir/caomhnóir ar chóip de na treoirphrionsabail agus de na nósanna imeachta um chosaint leanaí, lena n-áirítear nósanna imeachta tuairiscithe laistigh den eagraíocht agus le Tusla araon. | Tá/Níl |
Tá sé de chumhacht ag leanaí agus daoine óga tuiscint a bheith acu maidir lena gceart chun cosanta, comhairliúcháin, éisteachta agus caitheamh le meas oiriúnach dá n-aois agus dá gcéim fhorbartha | Tá/Níl |
Cuirtear faisnéis ábhartha agus iomchuí in iúl do thuismitheoirí / chaomhnóirí agus do leanaí / dhaoine óga chun feabhas a chur ar obair i gcomhpháirtíocht | Tá/Níl |
Tá a fhios ag leanaí agus daoine óga conas imní a ardú má tá siad míshásta nó má mhothaíonn siad neamhshábháilte | Tá/Níl |
Tá a fhios ag leanaí, daoine óga, tuismitheoirí agus caomhnóirí conas gearán a dhéanamh má tá siad míshásta leis an tseirbhís atá á soláthar | Tá/Níl |