Domestic Abuse
Domestic Abuse
Tugann tuairiscí sna meáin ó Tusla agus eagraíochtaí Drochíde sa Teaghlach le fios go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar theagmhais drochíde sa teaghlach i rith phaindéim Covid 19. Tugann taighde le fios go bhfuil ceangal an-láidir idir teagmhais drochíde sa teaghlach agus buarthaí maidir le cosaint leanaí. I gcomhthéacs an mhéid seo, tá sé tábhachtach go mbímid an-airdeallach i gcónaí orthu siúd inár seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus seirbhís Cúraim Leanaí ar Aois Scoile a d’fhéadfadh a bheith thíos le drochíde sa teaghlach.
Tarlaíonn drochíde sa teaghlach ar fud na sochaí, gan aird ar aois, inscne, cineál, gnéasacht, saibhreas agus tíreolaíocht. Áirítear le foréigean baile freisin foréigean gnéasach, ábhar amhairc a nochtadh do leanaí agus daoine óga san áireamh.
Is é an sainmhíniú a thugtar ar Dhrochíde sa Teaghlach:
“Fórsa fisiciúil nó mothúchánach nó bagairt ar fhórsa fisiciúil, foréigean gnéasach san áireamh a úsáid i ndlúthchaidreamh daoine fásta. D’fhéadfadh mí-úsáid mhothúchánach; réadmhaoin a mhilleadh, aonrú ó chairde, daoine muinteartha agus foinsí eile féideartha tacaíochta; bagairtí ar dhaoine eile, leanaí san áireamh; stalcaireacht; agus smacht a fháil ar theacht ar airgead, earraí pearsanta, bia, iompar agus an guthán a bheith i gceist leis freisin.”
Beartas FSS ar Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
Áirítear le drochíde sa teaghlach foréigean a rinne céile, páirtnéir, mac, iníon nó aon duine eile a bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an íospartach nó a chónaíonn leis/léi.
Tá níos mó ná foréigean fisiciúil i gceist leis an téarma ‘drochíde sa teaghlach’ agus d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis freisin:
- Mí-úsáid mhothúchánach
- Réadmhaoin a mhilleadh
- Aonrú ó chairde, daoine muinteartha agus foinsí eile féideartha tacaíochta
- Bagairtí ar dhaoine eile, leanaí ina measc
- Stalcaireacht
- Smacht a fháil ar theacht ar airgead, earraí pearsanta, bia, iompar agus an guthán.
- Smacht comhéigneach, faoi mar a dhéantar a shainmhíniú san Acht um Fhoréigean Baile, 2018
Roinnt Teachtaireachtaí ón Taighde a rinneadh maidir le Drochíde sa Teaghlach
- I rith thromlach mór na dteagmhas drochíde sa teaghlach, bíonn leanaí sa seomra céanna nó sa chéad seomra eile. Is dlúth don cheangal idir cásanna mí-úsáide fisiciúla leanaí agus drochíde sa teaghlach, agus tugann meastacháin le fios gurb ionann é agus idir 30% agus 66%.
- Tugann staidéar le fios go bhfuil baol níos mó ann go mbainfidh páirtnéirí fásta atá foréigneach i leith a chéile mí-úsáid as a leanaí féin.
- Tá baol níos mó ann go mbeidh fadhbanna iompraíochta, tráma mothúchánach agus deacrachtaí meabhairshláinte ina saol fásta ar leanaí a bhíonn thíos le drochíde sa teaghlach.
- Is tábhachtach breithniú a dhéanamh i gcónaí ar na tionchair a imríonn aon drochíde sa teaghlach ar leanaí neamhbheirthe mar gheall gur sna tréimhsí toirchis agus sa tréimhse i ndiaidh gur saolaíodh naíonán nua is mó a bhíonn baol roimh mhná.
Is iomaí baol atá roimh leanaí a bhíonn thíos le drochíde sa teaghlach. Tugtar cuntas ar roinnt díobh seo thíos:
- Drochúsáid dhíreach fhisiciúil nó ghnéasach a bhaint as an leanbh nó leanaí.
- Tá mí-úsáid á baint as an leanbh mar chuid den mhí-úsáid in aghaidh an tuismitheora nach bhfuil mí-úsáid á baint aige/aici as an leanbh.
- Leanaí á n-úsáid ag an bpáirtnéir drochídeach mar fhichillíní nó mar spiairí mar iarracht chun smacht a fháil ar an tuismitheoir nach bhfuil mí-úsáid á baint aige/aici as an leanbh.
- Baintear mí-úsáid mhothúchánach as an leanbh mar gheall raibh sé/sí ina f(h)inné ar an mí-úsáid
- Gortaítear an leanbh go fisiciúil mar gheall go mbíonn sé/sí i láthair nuair a tharlaíonn an foréigean
- Maslú drochídeach ó bhéal a chloisteáil a dhéanann daoine fásta sa teaghlach, náiriú agus bagairt ar fhoréigean san áireamh
- An ballbhrú agus na gortuithe a rinneadh dá dtuismitheoir a fheiceáil
- An páirtnéir drochídeach a fheiceáil agus é/í á b(h)aint ón láthair agus faoi choimeád an Gharda Síochána
- Bheith mar fhinné ar a dtuismitheoir/a gcúramóir á thabhairt go dtí an t-ospidéal in otharcharr
- Iarracht a dhéanamh idirghabháil in ionsaí foréigneach
- Gan a bheith ábalta nó neamhthoilteanach cuireadh a thabhairt do chairde teacht go dtí an teach
- Cuirtear isteach go minic ar an saol sóisialta agus ar an scolaíocht mar gheall go bhfuiltear ag bogadh go teach eile chun teitheadh ón bhforéigean nó go bhfuiltear ag cónaí i dtearmann
- An tuismitheoir/cúramóir nach bhfuil mí-úsáid á baint aige/aici as an leanbh á thabhairt godtí an t-ospidéal.
Lámhleabhar Cleachtais um Chosaint agus Leas Leanaí 2
I gComhthéacs na hÉireann:
- Nochtadh 3,823 teagmhas ar leith de mhí-úsáid leanaí nuair a rinneadh teagmháil le seirbhísí díreacha in 2016. Teagmhais iad seo ina raibh mí-úsáid dhíreach á baint ag an déantóir as leanaí an chaidrimh, agus as an máthair.
- Tá an méid seo a leanas i gceist leis na cineálacha teaicticí a úsáidtear go díreach in aghaidh leanaí atá thíos le cásanna drochíde sa teaghlach a nochtadh i rith na teagmhála a rinneadh le seirbhísí díreacha in 2016:
o Tugann an mí-úsáideoir buille do leanaí agus buaileann sé/sí iad (le hearraí tí san áireamh);
o Baineann an mí-úsáideoir mí-úsáid fhisiciúil agus ghnéasach as leanaí
o Bíonn an mí-úsáideoir ag béiceadh i gcónaí díreach os comhair leanaí
o Bíonn leanaí i láthair nuair a bhíonn mí-úsáid óbhéal, fhisiciúil, agus ghnéasach á baint as a máthair. - D’fhreagair Líne Chabhrach Náisiúnta Saor in Aisce Chúnamh do Mhná 15,952 glaoch in 2016, agus thug 550 díobh le fios gur mhná imircigh, mná den lucht siúil agus/nó mná faoi mhíchumas a bhí iontu.
- Ba mhná 96% de na daoine a ghlaoigh ar an Líne Chabhrach Náisiúnta Saorghlao 24 uair an chloig, agus b’fhir 4% díobh.
- Bíonn mná a bhíonn thíos le drochíde sa teaghlach thíos leis 35 uair, ar an meán, sula n-iarrann siad cabhair, agus déanann siad idir 5 agus 12 theagmháil éagsúla ina dhiaidh sin mar iarracht deireadh a chur leis an bhforéigean.
Lámhleabhar Cleachtais um Chosaint agus Leas Leanaí 2
Má bhíonn amhras ort go bhfuil leanbh nó teaghlach i do sheirbhís thíos le drochíde sa teaghlach, nó má bhíonn aon bhuarthaí ort faoi leas nó cosaint linbh maidir le drochíde sa teaghlach sa teach, caithfear comhairle a lorg ó Obair Shóisialta Tusla.
Sa chás seo, ba cheart do sheirbhísí cloí lena mbeartais chosanta agus a nósanna imeachta tuairiscithe, buarthaí a phlé leis an teagmhálaí ainmnithe idirchaidrimh (an DLP) sa tseirbhís san áireamh.
Is féidir Eolas Breise a fháil ar Dhrochíde sa Teaghlach thíos:
www.tusla.ie/services/domestic-sexual-gender-based-violence/
www.womensaid.ie/services/helpline.html Guthán: 1800 341 900
www2.hse.ie/wellbeing/mental-health/domestic-violence-and-abuse.html
www.garda.ie/en/crime/domestic-abuse/domestic-abuse.html
www.safeireland.ie/
Ba cheart go mbeadh teacht ag seirbhísí freisin ar shonraí teagmhála do sheirbhísí áitiúla drochíde sa teaghlach, sa chás gur féidir, agus na sonraí seo a roinnt, sa chás gur cuí.
Tá go leor acmhainní ag Barnardos atá ar fáil trína dtionscadal Foréigean Baile in Aois an Pháiste agus chruthaigh siad físeán freisin ina dtugtar chun solais an tionchar a imríonn Foréigean Baile agus Drochíde sa Teaghlach ar leanaí. Is féidir teacht ar na hacmhainní seo anseo:
www.barnardos.ie/resources/childhood-domestic-violence-abuse