Guiding Principles and Safeguarding Procedures
Guiding Principles and Safeguarding Procedures
Na hoibleagáidí reachtúla atá ar na seirbhísí ábhartha:
Cuireann an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 oibleagáidí sonracha ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear an ceanglas:
- Leanaí a choimeád slán ó dhíobháil fad is atá siad ag úsáid na seirbhíse
- Measúnú riosca a dhéanamh chun fáil amach an féidir díobháil a bheith déanta do leanbh nó do dhuine óg fad is atá sé ag baint leas as an tseirbhís
- Ráiteas um Chosaint Leanaí a fhorbairt ina dtugtar breac-chuntas ar na beartais agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na rioscaí sainaitheanta a bhainistiú
- Duine ábhartha a cheapadh le bheith mar an gcéad phointe teagmhála i ndáil le Ráiteas um Chosaint Leanaí na heagraíochta.
Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí (2015) is ionann seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus soláthraithe seirbhísí ábhartha.
Is ionann an tseirbhís ar leith agus seirbhís ábhartha, más rud é go bhfuil sé: ‘Mar chuid riachtanach agus rialta d’aon obair nó d’aon ghníomhaíocht a dhéanann aon duine, den chuid is mó den am, rochtain a bheith ag an duine ar leanaí nó teagmháil a dhéanamh le leo, in — (a) eagraíocht a sheolann seirbhísí luathbhlianta de réir bhrí Chuid VIIA den Acht um Chúram Leanaí, 1991 ‘
Faoin Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí, tá freagracht ar eagraíochtaí ina mbíonn teagmháil dhíreach nó indíreach rialta acu le leanaí agus lena dteaghlaigh chun leanaí a chosaint. Is é an bealach is éifeachtaí chun é seo a dhéanamh ná trí chóras beartas agus nósanna imeachta láidre a bheith curtha i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na beartais agus na nósanna imeachta seo curtha i bhfeidhm chun leanaí a chosaint ó dhíobháil agus chun an riosca díobhála do leanaí a mhaolú.
Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí ábhartha measúnú a dhéanamh ar an riosca díobhála do leanaí atá ann fad is atá siad ag baint leas as an tseirbhís agus Ráiteas um Chosaint Leanaí a bheith acu. Ní mór na beartais agus na nósanna imeachta ag seo a leanas a bheith áirithe sa Ráiteas um Chosaint Leanaí:
• Gnásanna Tuairiscithe – An Teagmhálaí Ainmnithe (DLP), Daoine Sainordaithe, srl.
• Ag Tabhairt Freagra do Líomhaintí den Mhí-Úsáid a dhéantar in éadan Oibrithe/Oibrithe Deonacha
• Nósanna Imeachta maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán Oibrithe agus Oibrithe Deonacha
• Nósanna imeachta chun liosta de na daoine sainordaithe a chothabháil agus chun duine ábhartha a cheapadh
• An Straitéis Oiliúna um an gCosaint Leanaí