Informal Consultation
Informal Consultation
Comhairliúchán Neamhoifigiúil
Más rud é go bhfuil imní ort faoi shábháilteacht agus/nó leas aon linbh, ach nach bhfuil tú cinnte ar cheart duit é a thuairisciú do Tusla, b’fhéidir go mbeadh sé áisiúil duit teagmháil a dhéanamh le Tusla chun an imní sin a phlé leo go neamhoifigiúil.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Rannóg Oibre Sóisialta Tusla, leis an Teagmhálaí Ainmnithe don cheantar ina bhfuil an leanbh ina chónaí www.tusla.ie/get-in- touch/duty-social-work-teams/
Trí chomhairliúchán neamhoifigiúil a dhéanamh in éineacht le hOibrí Sóisialta Tusla, tugtar deis duit an cheist a phlé go ginearálta agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil cúis le tuairisc oifigiúil a thabhairt. Sa chás gurb í an chomhairle a fhaightear ó Tusla ná go bhfuil cúis ann le tuairisc a thabhairt, caithfidh sé a bheith luaite sa Bheartas Cosanta i d’eagraíocht gur chóir tuairiscí a thabhairt agus an fhaisnéis go léir is ábhartha a bheith curtha ar fáil. Nuair is comhairle atá á lorg, ní mór don pháirtí atá ag iarraidh an chomhairliúcháin a lua go sainráite nach bhfuil siad ag tabhairt tuairisce – go bhfuil siad ag déanamh cur síos ar shonraí faoi ábhar imní, ach nach bhfuil aon fhaisnéis aitheantais áirithe leis, maidir le leanbh nó lena theaghlach.
- Do gach uile Thuairisceoir; Treoraíonn an Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí gur féidir le Tusla comhairle a thabhairt faoi cibé an ceart nó nár cheart ábhar imní ar leith a thuairisciú faoi “fhorais réasúnacha imní” (tuairisc neamh- shainordaithe).
- Do Dhaoine Sainordaithe; Tá treoir tugtha in Tús Áite do Leanaí: Treorú Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí freisin gur féidir le Tusla comhairle a thabhairt faoi cibé an sáraítear nó nach sáraítear an tairseach maidir leis an “díobháil” i ndáil le húdar imní ar leith chun tuairisc shainordaithe a thabhairt, de réir mar a shainmhínítear í san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. I ndeireadh na dála, is ar chomhairle an duine sainordaithe ar leith más tuairisc shonordaithe de réir an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015, a mbeidh an tuairisc déanta, nó, de mhalairt air sin, mar thuairisc neamh-shainordaithe faoin Treorú Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí
Pointí gur cheart a thabhairt faoi deara:
- Má tá amhras ort faoi – déan scrúdú air
- Ní gá don té atá ag glaoch aon mhionsonraí aitheantais a thabhairt. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a tharlú go n-iarrfaí air amhlaidh a dhéanamh, ag brath ar an gcineál imní atá i gceist agus/nó ar cé chomh gasta is a bhfuil gá leis an bhfreagra atá le tabhairt a bheith déanta chun a chinntiú go gcoinnítear leanaí slán ó dhíobháil.
- Tá treoir tugtha in Tús Áite do Leanaí: Treorú Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí gur féidir le Tusla comhairle a thabhairt faoi cibé an sáraítear nó nach sáraítear an tairseach maidir leis an díobháil i ndáil le húdar imní ar leith chun tuairisc shainordaithe a thabhairt, de réir mar a shainmhínítear í san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Treoraíonn an Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí chomh maith gur féidir le Tusla comhairle a thabhairt faoi cibé an ceart nó nár cheart ábhar imní ar leith a thuairisciú faoi fhorais réasúnacha imní (tuairisc neamh-shainordaithe). Is minic a thugtar ‘an comhairliúchán neamhoifigiúil’ ar an dá fheidhm chomhairleacha sin.
- Más rud é go bhfuil tú den tuairim go bhfuil leanbh i mbaol láithreach agus nach bhfuil tú in ann dul i dteagmháil le Tusla, ba cheart duit dul i dteagmháil leis na Gardaí, lom láithreach.
- Nuair is féidir, ba chóir na tuairiscí a chur isteach i scríbhinn trí Thairseach Gréasáin Tusla www.tusla.ie/children-first/web-portal/