Mandated Person
Mandated Person
Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí (2015) tá eagraíochtaí liostaithe a bhfuil oibleagáidí reachtúla orthu. Tugtar Seirbhísí Ábhartha orthu. Tá Seirbhísí Luathbhlianta ainmnithe mar Sheirbhísí Ábhartha.
Anuas air sin, faoin Acht um Thús Áite do Leanaí (2015), ní mór do sheirbhísí ábhartha duine ábhartha a cheapadh le bheith mar an gcéad phointe teagmhála i ndáil le Ráiteas um Chosaint Leanaí na heagraíochta.
Ba cheart do Sheirbhísí Luathbhlianta a chinntiú go bhfuil siad eolach ar a gcuid oibleagáidí faoin Acht um Thús Áit do Leanaí.
Tá tuilleadh faisnéise faoi sheirbhísí ábhartha, faoi dhaoine ábhartha agus faoi na hoibleagáidí dlíthiúla go léir le fáil i gcaibidil 4 den Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí, 2017. Is féidir teacht air anseo; www.tusla.ie/uploads/content/Children_First_National_Guidance_2017.pdf
De réir an Achta um Thús Áit do Leanaí (2015), meastar gurb iad na Daoine Sainordaithe, i gcomhthéacs Luathfhoghlama agus Cúraim, ná na daoine seo a leanas;
- Ball foirne cúraim leanaí atá fostaithe i seirbhís réamhscoile de réir bhrí Chuid VIIA den Acht um Chúram Leanaí 1991 www.irishstatutebook.ie/eli/1991/act/17/enacted/en/html
- Duine a sheolann seirbhís réamhscoile de réir bhrí Chuid VIIA den Acht um Chúram Leanaí 1991 www.irishstatutebook.ie/eli/1991/act/17/enacted/en/html
Tá liosta iomlán de na Daoine Sainordaithe go léir atá luite i dTreoir Náisiúnta um Thús Áit do Leanaí, 2017, le fáil in Aguisín 2: Sceideal de na Daoine Sainordaithe de réir an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015 www.tusla.ie/uploads/content/Children_First_National_Guidance_2017.pdf Is éard is Duine Shainordaithe ann ná aon duine a mbíonn teagmháil aige le leanaí agus/nó le teaghlaigh agus a bhfuil ról lárnach aige, mar gheall ar a gcáilíochtaí, a oiliúint agus/nó an ról fostaíochta atá aige, chun cabhrú le cosaint a thabhairt do leanaí ón dochar. Tá oibleagáidí dlíthiúla áirithe ar Dhaoine Sainordaithe faoin Acht um Thús Áit do Leanaí, 2015, mar seo a leanas;
- Aon díobháil a dhéantar do leanaí atá níos dona ná tairseach shainithe a thuairisciú do Tusla
- Cuidiú le Tusla, má iarrtar ort amhlaidh a dhéanamh, chun údar imní a mheas gur ábhar tuarascála sainordaithe é
Más duine sainordaithe thú, faoin reachtaíocht ceanglaítear ort tuairisc a dhéanamh faoi aon eolas, creidiúint nó amhras réasúnach atá agat go ndearnadh dochar do leanbh, nó go bhfuiltear ag déanamh dochar dó, nó go bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar dó. Tá dochar sainmhínithe san Acht mar ionsaí, drochíde, faillí nó mí-úsáid ghnéasach, agus clúdaíonn sé cásanna aonair agus iolracha araon
Tuairisc a Dhéanamh
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na Daoine Sainordaithe, mar atá breactha amach ag seo thuas, tuairisc a thabhairt do Tusla sa chás go bhfuil siad den tuairim go ndearnadh dochar do leanbh, go bhfuiltear ag dochar dó, nó go bhfuil baol ann go bhfuiltear ag déanamh dó. Ba cheart go mbeadh Beartas agus Nós Imeachta láidir um Chosaint Leanaí agus Leas Leanaí ag gach uile seirbhís um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus breac-chuntas soiléir ann ar na céimeanna atá le glacadh nuair a thagann imní chun cinn maidir le Cosaint agus Leas Leanaí.
Tá oibleagáid fós ar na daoine de chuid na foirne nach Daoine Sainordaithe iad aon imní ata acu maidir leis an gCosaint Leanaí agus an Leas Leanaí a thuairisciú. Ba cheart do sheirbhísí ELC na céimeanna gur cheart do GACH AON DUINE DE CHUID NA FOIRNE glacadh leo ina leithéid de tharlú a bheith leagtha amach go ríshoiléir sa Bheartas um Chosaint agus Leas Leanaí agus sna Nósanna Imeachta Tuairiscithe.
Tá eolas breise ar fáil faoi ról na nDaoine Sainordaithe leagtha amach i gCaibidil a Trí de Tús Áite do Leanaí; Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí agus is féidir iad a fháil anseo;
www.tusla.ie/uploads/content/Children_First_National_Guidance_2017.pdf