Return To Work
Return To Work
FÓGRA ÓN gCLÁR NÁISIÚNTA UM CHUMHDACH LEANAÍ
Tuigimid go bhfuil roinnt seirbhísí luathbhlianta atá oscailte le linn na tréimhse fhrith- ghlasála atá ann faoi láthair agus atá ag feidhmiú chun tacú le leanaí ar leanaí leochaileacha agus ar leanaí oibrithe riachtanacha iad araon. Seirbhís dochreidte atá i gceist leis seo agus is teist í ar ghairmiúlacht agus ar thiomantas gach uile dhuine atá ag obair i seirbhísí na luathbhlianta.
Tá tionchar Covid19 tar éis dul i bhfeidhm ar chuile dhuine, agus ar leanaí go háirithe, tá a saol tar éis a bheith curtha isteach go mór agus a gcuid gnáthamh laethúil a bhfuil gean mór acu dóibh agus atá chomh tábhachtach sin tar éis imeacht le sruth. Mar is maith is eol dúinn, tá an cleachtas leanbhláraithe ríthábhachtach chun cinnte a dhéanamh de gur féidir linn caidrimh le leanaí a leagadh síos agus a neartú trí idirghníomhaíochtaí dearfacha, trí éisteacht leo agus trí spreagadh a thabhairt dóibh chun na húdair imní atá acu a chur in iúl, agus, ag an am céanna, a sláinte, a bhforbairt agus a leas a choinneáil i gcroílár chuile rud a dhéanaimid.
Deirtear sa Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí nach mór ‘gach duine a bheith ar an airdeall faoin bhféidearthacht go bhfuil leanaí lena bhfuil siad i dteagmháil a bheith ag fulaingt mar gheall ar an mí-úsáid nó an fhaillí’. Ionas gur féidir cinnte a dhéanamh de gur féidir linn comharthaí na mí-úsáide agus na faillíochta a aithint i measc na leanaí a bhfuilimid ag obair ina gcuideachta agus go bhfuil a fhios againn conas freagairt a thabhairt ina leithéid de chás, molaimid do chleachtóirí am a chur ar leataobh chun an méid atá ar eolas acu faoin gcumhdach leanaí a thabhairt ar chuimhne arís.
Ba chóir do GACH UILE duine de chuid na foirne i seirbhísí na luathbhlianta iad féin a chur ar an eolas faoin Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus faoi na Polasaithe agus Nósanna Imeachta um Chumhdach Leanaí atá sa tseirbhís. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach ball foirne ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus faoin Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí, 2017. Ba cheart don lucht bainistíochta a chinntiú go ndéantar an liosta de na Daoine Sainordaithe sa tseirbhís a nuashonrú chun aon athruithe foirne a léiriú ann agus ba cheart dóibh a chinntiú freisin go dtaispeántar sonraí teagmhála an Duine Sainordaithe áit ar féidir leis an bhfoireann ar fad teacht orthu, más gá.
Sula dtéann leanaí agus baill foirne breise ar ais ar sheirbhísí i ngach cearn den tír i rith mhí an Mhárta, tá roinnt acmhainní um chumhdach leanaí curtha le chéile againn chun tacú le cleachtóirí atá ag obair i seirbhísí faoi láthair chomh maith leo siúd a bheidh ag dul ar ais ag obair sna seachtainí atá amach romhainn.
Tá siad sin breactha amach ag seo thíos:
- Ba chóir do gach uile bhall foirne an clár r-Fhoghlama le Tusla Tús Áite do Leanaí i gCónaí a chríochnú sula dtéann siad ar ais ag obair. Is féidir é sin a bhreisiú tuilleadh ach freastal ar Sheimineár Gréasáin Athbhreithnithe um an gClár Náisiúnta um Chumhdach Leanaí.
- Ba cheart do na daoine sainordaithe i Seirbhísí Fhoghlaim agus Cúram na Luathbhlianta féachaint siar ar an mBlúire Faisnéise ar Ról na nDaoine Sainordaithe.
- Ba cheart dóibh siúd a bhfuil ról an Teagmhálaí Ainmnithe (DLP) agus ról an Leas- Teagmhálaí Ainmnithe (DDLP) féachaint siar ar an mBlúire Faisnéise ar Ról an DLP agus an DDLP.
- Mar gheall ar mhéadú a bheith tagtha ar na tuairiscí atá tugtha ar theagmhais den mhí-úsáid teaghlaigh le linn phaindéim Covid19, tá Blúire Faisnéise curtha le chéile againn ar an Fhoréigean Baile chun tacú le leanaí agus le teaghlaigh
Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise agus acmhainní ag www.childsafeguardingelc.ie agus ar Twitter ag @safeguardingelc
Acmhainní Breise:
- Acmhainní Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do Chleachtóirí um an gCéad Chúig: first5.gov.ie/practitioners/continuing-professional-development
- Tusla: www.tusla.ie/children-first/
- Suíomh Gréasáin Ag Tacú le Leanaí: www.gov.ie/en/campaigns/42dcb-supporting-children/
- Barnardos – Ag Tacú le Leanaí Óga Atá i gCruachás le linn Covid19 – www.barnardos.ie/learning-development/training/elearning/supporting- young-children-experiencing-adversity-during-covid-19