Risk Assessment Child Safeguarding Statement
Risk Assessment Child Safeguarding Statement
Is soláthraithe Seirbhísí Ábhartha iad na Seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.
Ceanglaítear ar sholáthraithe Seirbhísí Ábhartha faoi Acht um Thús Áite do Leanaí Ráiteas um Chosaint Leanaí a bheith acu. Príomhghné den Ráiteas um Chosaint Leanaí isea an measúnú riosca.
Agus measúnú riosca á chomhlánú, éilítear ar Sheirbhís Luathfhoghlama agus Cúraim gach gné dá seirbhís a scrúdú ó thaobh cosanta de agus leanaí ag baint leasa as do sheirbhís. Ba cheart go gcinnfeadh an measúnú riosca an bhfuil aon chleachtais nó gnéithe de do sheirbhís a d’fhéadfadh leanbh a chur i mbaol díobhála.
Cuimhnigh gur cheart na rioscaí a aithníodh a bheith bainteach le gníomhaíochtaí sonracha na seirbhíse le leanaí. Ní bhaineann sé le rioscaí ginearálta sláinte agus sábháilteachta.
Sainmhíníonn an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 díobháil mar:
Ionsaí, drochíde nó faillí ar an leanbh ar bhealach a théann i bhfeidhm go mór ar shláinte, forbairt nó leas an linbh nó ar dóigh dó dul i bhfeidhm go mór air nó
Mí-úsáid ghnéasach an linbh, cíbe acu trí ghníomh aonair, faillí nó cúinse nó sraith de ghnímh, faillí, nó cúinsí nó eile
Tá sé i gceist leis an bpróiseas measúnaithe riosca d’eagraíocht a chumasú chun:
- Rioscaí féideartha a aithint
- Beartais agus nósanna imeachta a fhorbairt chun riosca a íoslaghdú trí fhreagairt go tráthúil ar rioscaí féideartha
Athbhreithniú an bhfuil réamhchúraimí leordhóthanacha curtha ar bun chun fáil réidh leis na rioscaí seo nó iad a laghdú
Caithfidh liosta de na beartais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun an riosca sin a bhainistiú a bheith in éineacht le gach riosca a aithnítear agus a luaitear sa mheasúnú riosca. Tá se ríthábhachtach go bhfuil na rioscaí a leagtar amach i do mheasúnú riosca uathúil agus bainteach go speiceasach le do sheirbhís.
Tar éis don mheasúnú riosca ar Chosaint Leanaí a bheith críochnaithe, ba cheart na réimsí riosca a aithníodh a chur san áireamh i gcorp an Ráitis um Chosaint Leanaí. Ba cheart go dtabharfadh an Ráiteas um Chosaint Leanaí breac-chuntas freisin ar na beartais agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na rioscaí a aithníodh a bhainistiú.
An Clár Náisiúnta um Chosaint Leanaí; D’fhorbair Luathfhoghlaim agus Cúram, i gcomhar le Tusla, Teimpléad don Ráiteas um Chosaint Leanaí agus Bileog Eolais a sholáthraíonn teimpléad mionsonraithe agus tuilleadh eolais chun measúnú riosca a chríochnú laistigh de do Ráiteas um Chosaint Leanaí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil freisin ag na naisc seo a leanas:
childsafeguardingelc.ie/resources-publications/
www.tusla.ie/children-first/organisations/what-is-a-risk-assessment/