The Role of the DLP and DDLP
The Role of the DLP and DDLP
De réir an dea-cheachtais i Seirbhísí Foghlama agus Cúraim na Luathbhlianta (ELC) déantar Teagmhálaí Ainmnithe (DCA) agus Leas-Teagmhálaí Ainmnithe (DDLP) a cheapadh.
Is é an Teagmhálaí Ainmnithe an príomhtheagmhálaí i Seirbhís Foghlama agus Cúraim na Luathbhlianta do gach uile bhall foirne a bhfuil Imní air faoi cheist a bhaineann le Cosaint agus Leas Leanaí. Ba cheart go mbeadh an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe ar fáil chun ról an Teagmhálaí Ainmnithe a ghlacadh nuair nach bhfuil seisean sa láthair.
Nuair atáthar i mbun an DLP agus an DDLP a cheapadh, ba cheart go gcuirfear san áireamh na daoine siúd a bhfuil ról sinsearach acu sa tseirbhís ELC. Ba cheart go mbeadh an duine/na daoine eolach ar an gCosaint Leanaí agus ba cheart an méid sin oiliúna agus faisnéise a thabhairt dóibh atá oiriúnach chun an ról atá acu a chomhlíonadh. Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach uile bhall foirne agus oibrí deonach cé hé an DLP agus cé hé an DDLP, agus rochtain a bheith acu ar shonraí teagmhála na ndaoine sin. Ba cheart go mbeadh an fhoireann agus na hoibrithe deonacha go léir eolach faoi na cúraim atá ag an DLP agus an DDLP.
Ba cheart go n-oibreodh an DLP agus an DDLP i gcomhar le chéile chun na rudaí seo a leanas a chinntiú:
- Go gcloítear le nósanna imeachta tuairiscithe na seirbhíse ELC chun cinnte a dhéanamh de go ndéantar aon údar imní atá ann maidir leis an gCosaint agus Leas Leanaí a tharchur go pras chuig Tusla
- Go gcoinnítear taifid ar gach uile Údar Imní maidir leis an gCosaint agus Leas Leanaí agus go ndéantar gach uile bheart a dhéantar a thaifeadadh agus a choimeád go cruinn beacht ar aon dul le Beartas Rúndachta na seirbhíse ELC
- Go bhfuil a fhios ag chuile dhuine ar an fhoireann sa tseirbhís ELC gurb é an DLP/DDLP an duine dá dtugann siad tuairisc agus gur acmhainn agus tacaíocht dóibh iad maidir le haon údar imní atá acu maidir le cosaint agus leas leanaí.
Mar eagraíocht, ba cheart daoibh a chinntiú go bhfaigheann an DLP agus an DDLP arna gceapadh an méid oiliúna agus faisnéise atá leordhóthanach chun a ról a chomhlíonadh. Ba cheart don DLP Clár Ríomh-Fhoghlama Tusla atá ar fáil ag seo a chríochnú; www.tusla.ie/children- first/children-first-e-learning-programme/
Anuas air sin, ba cheart don DLP/DDLP freastal ar an gClár Bunleibhéil Tús Áite do Leanaí i gCónaí a bhíonn eagraithe tríd an CCC, tríd an ionad de chuid Feighlíocht Leanaí Éireann nó CNNG atá ina cheantar féin, de réir mar is cuí.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi ról an DLP agus an DDLP a fháil i dTreoir Náisiúnta Tús Áite do Leanaí 2017 agus i gCosaint Leanaí; Treoir maidir leis an bPolasaí, na Gnásanna agus an gCleachtas;
www.tusla.ie/uploads/content/Children_First_National_Guidance_2017.pdf