Using the Tusla Web Portal to Report Child Protection and Welfare Concerns
Using the Tusla Web Portal to Report Child Protection and Welfare Concerns
Anois, éilíonn Tusla ar aon duine a thugann tuairisc maidir le cosaint agus leas leanaí an tairseach Gréasáin slán daingean a úsáid atá le fáil ar shuíomh Gréasáin Tusla (seachas amháin más rud é nach féidir é sin a dhéanamh). Ba cheart go mbeadh taithí ag Seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath- Óige ar an Tairseach seo cheana féin, toisc gurb é an Tairseach chéanna a úsáidtear chun Clárúcháin na Luathbhlianta a dhéanamh.
Ag seo thíos, roinnt pointí le tabhairt faoi deara faoi conas an tairseach a úsáid:
- Is féidir teacht ar an Tairseach ag www.tusla.ie/children-first/web-portal/
- Tá treoir d’úsáideoirí gearr ar fáil ag docs.tusla.ie/userguides/Tusla_Child_Protection_and_User_Guide.pdf
- Beidh seoladh ríomhphoist agus fón póca ag teastáil ó úsáideoirí nua atá chun clárú ar an Tairseach toisc go bhfuil córas fíordheimhnithe déshraithe i bhfeidhm ann. Moltar cuntas na seirbhíse a úsáid, nuair is féidir, seachas cuntas pearsanta, mar an seoladh ríomhphoist agus an uimhir theileafóin a úsáidtear.
- Ba cheart eolas agus taithí a bheith ag an Duine Ainmnithe (DLP) agus ag an Duine Ainmnithe Tánaisteach (DDLP) sa tseirbhís ar an Tairseach Gréasáin agus rochtain a bheith acu ar na mionsonraí logála isteach dá seirbhís. Ba cheart don DLP/DDLPanna Cuntas tairseach Gréasáin a shocrú dá seirbhís.
- Déantar an Tairseach Gréasáin a athnuachan gach 5 nóiméad agus déantar monatóireacht air le linn na n-uaireanta oifige. Ligtear do Tusla an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Rannóg Dhualgas ábhartha um an Obair Shóisialta de chuid Tusla.
- Má bhraitheann tú go bhféadfar gá a bheith leis an idirghabháil phráinneach a fheidhmiú chun leanbh a coinneáil slán sábháilte, d’fhéadfá cinneadh a dhéanamh do thuairisc a thabhairt ar ghlao fóin. Ba cheart go dtabharfar tuairisc ar an Tairseach laistigh de 3 lá ina dhiaidh sin – is ceanglas dlíthiúil é sin do dhaoine sainordaithe a thugann tuairisc faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015;
- Sa chás nach bhfuil tú in ann teagmháil a dhéanamh le Tusla agus go bhfuil imní láithreach agat faoi shábháilteacht linbh éigin, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána le do thoil.
- Is féidir le Daoine Sainordaithe tuairisc a thabhairt, más gá, gan cead a fháil ón DLP nó ón DDLP,mar sin féin, ba cheart cloí leis na nósanna imeachta tuairiscithe i gcónaí, i ngach uile chás. Ba cheart na DLPanna a chur ar an eolas faoi aon tuairisc a thugann Daoine Sainordaithe.
- Is féidir an Tuaraisc um Chosaint agus Leas Leanaí a shábháil ar an Tairseach Gréasáin le críochnú ar feadh suas le 48 uair an chloig ón uair a gcuirtear tús leis. Scriosfar an tuairisc i ndiaidh na tréimhse ama sin
- Leis an Tairseach Gréasáin, ligtear duit na sonraí faoi údar imní a leagadh amach in achoimre suas le 500 focal ar fad
- Nuair atá an tuairisc curtha isteach, gheobhaidh an duine a chuir isteach é admháil ríomhphoist laistigh d’aon lá amháin, agus uimhir thagartha ann. Is ionann sin agus deimhniú go bhfuil an tuairisc faighte againn. Más rud é nach bhfaigheann tú an ríomhphost sin, ba cheart duit glacadh leis nach bhfuarthas é agus teagmháil a dhéanamh leis an oifig Tusla is áitiúil duit láithreach bonn chun an cheist seo a shoiléiriú
- Tá 48 uair an chloig ag an duine a chuireann an tuairisc isteach chun é a phriontáil amach ón uair a dtugtar isteach é. I ndiaidh sin, ní bheidh an tuairisc ar fáil ar an tairseach, ach beidh an tuairisceoir in ann liosta de na huimhreacha tagartha a fheiceáil, mar sin féin. Sa chás go dteastaíonn cóip den tuairisc ón tuairisceoir tar éis na tréimhse ama sin, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Oibre Sóisialta Ar Dualgas don cheantar áitiúil trí na Pointí Teagmhála Tiomnaithe atá ar fáil ag www.tusla.ie/children-first/contact-a-social-worker3/.
- Má thagann faisnéis bhreise chun solais nach fiú tuarascáil ar leithligh í, is féidir le daoine aonair teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Dhualgas áitiúil um an Obair Shóisialta chun an fhaisnéis sin a chur leis an tuairisc bhunaidh a rinne sé.
- Tá an Tairseach Gréasáin Comhlíontach go hiomlán maidir leis an gCosaint Sonraí. Más rud é, ar chúis éigin, nach bhfuiltear in ann tuairisc a chur isteach tríd an Tairseach Gréasáin Daingean, ba cheart duit an Fhoirm Tuairiscithe um Chosaint agus Leas Leanaí (nó an Fhoirm Thuairiscithe ar an Mí-Úsáid Aisbhreathnaitheach) a íoslódáil ar shuíomh Gréasáin Tusla ag:: www.tusla.ie/children-first/publications-and-forms/ agus í a chur isteach, gan mhoill, chuig Tusla sa phost cláraithe. Ba chóir é a chur sa phost chuig an rannóg oibre sóisialta ina bhfuil an leanbh ina chónaí.