Who Should Complete the Tusla ELearning Programme
Who Should Complete The Tusla ELearning Programme
Clár Náisiúnta Luathbhlianta Thús Áite do Leanaí
Is iad Tusla agus an FSS a rinne Clár Ríomh-Fhoghlama Tusla a fhorbairt agus tá chuile dhuine in ann teacht a fháil air. Tá breac-chuntas le fáil sa chlár ar an fhreagracht atá ar chuile dhuine faoin Treoir Náisiúnta Thús Áite do Leanaí 2017 agus faoin Acht um Thús Áite do Leanaí (2015).
Ba chóir do gach duine atá ag obair i Seirbhís um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige, nó atá ag obair go deonach ann, nó a bhfuil dualgas acu sa bhainistíocht ann, Clár Ríomh-Fhoghlama Tusla a dhéanamh. Áirítear leis sin chuile dhuine san fhoireann, agus foireann na cistine, na hairigh agus an fhoireann choimhdeach laistigh den tseirbhís san áireamh. Ba chóir na teastais chríochnaithe a phriontáil amach agus a choinneáil i gcomhad an bhaill foirne.
I measc cuid de na hábhair atá i gClár Foghlama Tusla tá:
- An mhí-úsáid leanaí a shainaithint agus a thuairisciú
- An ról atá ag na Daoine Ainmnithe go léir
- Na freagrachtaí chun leanaí a chosaint atá ag eagraíochtaí ina mbítear ag obair i gcuideachta le leanaí
- Ról na dteagmhálaithe ainmnithe
Is ionann an clár seo agus an leibhéal bunlíne chun faisnéis a sholáthar don fhoireann agus do na geallsealbhóirí ábhartha maidir le conas leanaí a choinneáil slán. Ba cheart do na Teagmhálaithe Ainmnithe agus na Leas-Teagmhálaithe Ainmnithe go léir freastal ar an gClár Bunleibhéil Tús Áite do Leanaí i gCónaí a bhíonn eagraithe tríd an CCC, tríd an ionad de chuid Feighlíocht Leanaí Éireann nó CNNG atá ina cheantar féin, de réir mar is oiriúnach.
Tá físeán gairid ar fáil mar thús eolais ar Chlár Ríomh-Fhoghlama Tusla: www.youtube.com/watch?v=HjitN5EWQvo
Tá Clár Ríomh-Fhoghlama Tusla Thús Áite do Leanaí ar fáil ag: www.tusla.ie/children-first/children-first-e-learning-programme/