Child Centred Practice
Bleaist Faisnéise faoi Chleachtas LeanbhlárnachMeitheamh 2022
Príomhghné de Chlár Bonnleibhéil tús Áite do Leanaí an Chláir Náisiúnta um Chosaint Leanaí is ea a fhócas ar chleachtas leanbhlárnach agus ar an ról atá aige seo chun leanaí a choinneáil slán ó dhíobháil.
D’fhorbair Cigireacht Luathbhlianta Tusla Creat Cáilíochta agus Rialála (QRF) chun tacú le Seirbhísí Luathbhlianta cloí leis na Rialacháin fán Acht um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta) 2016. Dearadh an QRF agus é mar aidhm aige cur síos a dhéanamh ar na príomhriachtanais rialála, tacú le Seirbhísí Luathbhlianta chun cúram agus sábháilteacht leanaí atá ag freastal ar sheirbhísí a fheabhsú.
Ligeann clár ríomhfhoghlama an Chreata Cáilíochta agus Rialála do Chleachtóirí Luathbhlianta tuiscint a fháil ar a ról i gcur i bhfeidhm Rialacháin 2016 agus modúl sé QRF, a forbraíodh de réir taighde agus dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta atá bunaithe ar fhianaise.
Tá Clár Ríomhfhoghlama QRF Tusla ar fáil anseo agus moltar go gcuirfeadh gach ball foirne i ngach seirbhís an clár ríomhfhoghlama seo i gcrích.
Beartais agus nósanna imeachta láidre agus lárnach chun a chinntiú go mbraitheann leanaí sábháilte agus slán i Seirbhísí Luathbhlianta. Tá go leor beartas agus nósanna imeachta éigeantach freisin faoin Acht um Chúram Leanaí,1991 agus faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 1991.
Is féidir tuilleadh eolais faoi bheartais, nósanna imeachta agus ráitis i Seirbhísí Oideachais agus Cúraim na Luath-Óige a fháil anseo.
Is féidir tuilleadh eolais faoi bheartais agus nósanna imeachta a éilítear faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 a fháil anseo.