Recording Child Protection and Welfare Concerns

Ábhair Imní maidir le Cosaint agus Leas Leanaí a Thaifeadadh

Ní mór do sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC) agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile (SAC) taifid i scríbhinn a choinneáil de gach ábhar imní maidir le cosaint agus leas leanaí, lena n-áirítear ábhair imní go mb’fhéidir nach bhfuil an tairseach atá luaite le tuairisciú do Tusla i gceist. Ní mór go mbeadh córas bunaithe ag seirbhísí a chiallaíonn go bhfuil a fhios ag gach oibrí conas ábhair imní maidir le cumhdach leanaí a thaifeadadh agus ba cheart é seo a áireamh mar chuid de Nósanna Imeachta Cumhdaigh Leanaí na seirbhíse. Ní mór ábhair imní a thaifeadadh ionas gur féidir aon phatrúin a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní maidir le cumhdach leanaí. D’fhonn a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad á taifeadadh agus go bhfuil na céimeanna riachtanacha á gcur i gcrích, ba cheart ábhair imní a thaifeadadh ar fhoirm chaighdeánach a bhfuil na hoibrithe ar fad airdeallach uirthi.

Ní mór go mbeadh nós imeachta bunaithe ag seirbhísí ELC agus SAC ina sonraítear na hábhair imní a thaifeadtar, conas a thaifeadtar na hábhair imní seo, conas a stóráiltear iad agus cé ag a bhfuil rochtain orthu. D’fhonn tacú le seirbhísí ELC agus SAC é seo a dhéanamh, tá foirm shamplach dar teideal ‘Ábhair Imní maidir le Cosaint agus Leas Leanaí a Thaifeadadh’ forbartha ag an gClár Náisiúnta um Chumhdach Leanaí.

Tá an fhoirm seo le fáil i bhfoilseachán nua an Chláir Náisiúnta um Chumhdach Leanaí ‘Doiciméad Acmhainne um Chumhdach Leanaí – Ráiteas, Beartas agus Nósanna Imeachta um Chumhdach Leanaí; Treoir do Sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile in Éirinn’. Tá an acmhainn seo ar fáil ag www.childsafeguardingelc.ie/resources-publications/

Déantar cur síos san ‘Foirm chun Ábhair Imní maidir le Cosaint agus Leas Leanaí a Thaifeadadh’ ar an méid seo a leanas:

  • Mionsonraí maidir leis an ábhar imní
  • Mionsonraí maidir leis an duine a tharraing aird ar an ábhar imní  
  • An duine a ndearnadh teagmháil leis/léi maidir leis an ábhar imní
  • Mionsonraí an chomhairliúcháin neamhfhoirmiúil (más ábhartha)
  • Aon ghníomhartha a rinneadh
  • Mionsonraí maidir le heolas a roinnt le tuismitheoirí

Pointí nach mór a chur san áireamh nuair a bhíonn an fhoirm seo in úsáid:

  • Ba cheart an fhoirm seo a úsáid chun ábhair imní maidir le cosaint agus leas leanaí a thaifeadadh go hinmheánach laistigh de sheirbhís agus níor cheart an fhoirm a úsáid chun ábhair imní a thuairisciú do Tusla. Ní mór Foirm Tuairiscithe um Chosaint agus Leas Leanaí Tusla a úsáid chun ábhair imní a thuairisciú do Tusla. Go hidéalach, ba cheart Foirm Tuairiscithe um Chosaint agus Leas Leanaí Tusla a chur ar fáil trí Tairseach Gréasáin Tusla. Sa chás nach féidir é seo a dhéanamh, ba cheart an Fhoirm a sheoladh chuig Obair Shóisialta Tusla trí phost cláraithe trí úsáid a bhaint as sonraí an Phointe Teagmhála Tiomnaithe. Tá sonraí maidir le Pointí Teagmhála Tiomnaithe le fáil anseo www.tusla.ie/get-in-touch/duty-social-work-teams/
  • Níl an fhoirm seo éigeantach. Glactar leis mar dhea-chleachtas nuair a bhíonn gach ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith i gceist i seirbhísí á dtaifeadadh, lena n-áirítear iad siúd nach dtuairiscítear do Tusla mar nach sroicheann siad an tairseach díobhála atá sonraithe in Acht um Thús Áite do Leanaí nó Forais Réasúnta Imní.
  • Mar phointe tosaigh, ní mór ábhair imní a bhaineann le cumhdach leanaí a phlé leis an Teagmhálaí Ainmnithe (TA) sa tseirbhís.
  • Ní mór don TA a chinntiú go gcloítear le nósanna imeachta um chumhdach leanaí na seirbhíse nuair atá ábhair imní ann maidir le cosaint nó leas leanaí.
  • Ní mór don TA a chinntiú go dtaifeadtar gach ábhar imní de réir nós imeachta taifeadta na seirbhíse um chumhdach leanaí.
  • Ní mór go mbeadh na taifid fíorasach agus sonraí a áireamh iontu maidir le hábhair imní agus aon chinneadh agus gníomhartha atá déanta maidir leis an ábhar imní nó na hábhair imní.
  • Ní mór rúndacht an ábhair a chinntiú i gcónaí agus ní mór taifid maidir le hábhair imní a stóráil go sábháilte i limistéar stórála ar leith, ní in aice le comhaid eile.
  • Níor cheart eolas maidir le hábhair imní a roinnt le haon duine ach amháin sa chás gur gá, ar mhaithe le leasanna is fearr an linbh. Ba cheart don TA sa tseirbhís é seo a bhainistiú.
  • Ní mór go mbeadh nós imeachta bunaithe a chiallaíonn go bhfuil athbhreithniú rialta á dhéanamh ag an TA ar ábhair imní a bhaineann le cumhdach leanaí. Ba cheart an fhoirm chaighdeánach seo a áireamh i Nós Imeachta Taifeadta um Chumhdach Leanaí do sheirbhíse.
  • Féadfar faisnéis atá luaite san Foirm Taifeadta Ábhar Imní maidir le Cosaint agus Leas Leanaí a roinnt le Tusla agus le An Garda Síochána de réir nós imeachta tuairiscithe do sheirbhíse.
  • Ní mór taifid a stóráil go sábháilte de réir Nós Imeachta um Choimeád agus Rúndacht Taifead do Sheirbhíse agus Rialacháin Réamhscoile 2016.

‍